Donate now

Ag foghlaim Gaeilge while ‘Saving lives at Sea’ - I nGaeilge

Lifeboats News Release

Tá bád tarrthála Oileáin Árainn ag sábháil daoine ar an bhfarraige le beagnach céad bliain anois agus bíonn siad é seo a dhéanamh trí Ghaeilge den chuid is mó.

Aran Island Volunteers standing outside the Station and Shop

RNLI/Treasa NiBhraonain

Aran Islands RNLI Volunteers

Tá cáil ar Oileáin Árann mar gheall ar ghrá na Gaeilge agus grá na farraige. Is í an Gaeilge an príomh theanga atá ag formhóir do mhuintir na hoileain. Baineann sé sin le go leor de chriú agus d’fhoireann RNLI Oileáin Árainn, cibé an bhfuil siad ar bord a mbád tarrthála uile-aimsire, i siopa an RNLI nó ag bailiú airgid don stáisiún áitiúil.

Thosaigh Daniel O’ Connell, ball foirne agus meicneoir faoisimh, sa bhád tarrthála breis is 10 mbliana ó shin. Cén nach raibh Daniel líofa sa nGaeilge nuair a thosaigh sé ar dtús, phioc sé suas cupla focail ar an mbealach.

Dúirt Daniel, ‘Fuair mé deacair é ar dtús ach bhí me ag clostail Gaeilge chuile lá agus mé ag obair ar an oileán, agus sa mbaile le mo bhean céile Lena. Cé go ndeirtear trealamh áirithe i mBéarla mar gheall ar nósanna imeachta oibriúcháin caighdeánacha cosúil le ‘Lifejackets’ agus ‘Flares,’ d’fhillfeadh an criú ar ais ag labhairt i nGaeilge. Cuid is mó don am bheadh siad ag rá ‘Cuir ort do drysuit’ nó fáisc an lifejacket sin.’ Seo an chaoi a phioc mé suas an Ghaeilge, mar gheall go raibh mé tumtha inti. Ní gá a bheith foirfe, is leor iarracht a dhéanamh.' ‘Bain triail as.’

Bíonn Lena O Connell ag bailiú airgead don stáisiún agus ag obair i siopa an RNLI go deonach. D’fhás sí suas ar Inis Mór agus is breá léi a bheith ag labhairt i nGaeilge. ‘Is aoibhinn liom nuair a thagann daoine isteach sa siopa agus labhraíonn siad Gaeilge. Déanaim iarracht é a chur chun cinn oiread agus is féidir, fiú mura bhfuil ann ach an cúpla focal. Nuair a bhíonn muid thoir in Inis Meáin agus Inis Oírr ag bailiú airgid, labhraíonn muid i Gaeilge i gconaí. Is nasc álainn é atá againn lenár gcomharsana.’

Tá sé tábhachtach do stáisiún RNLI Oileáin Árann leanúint ar aghaidh ag obair trí Ghaeilge. Cuidíonn sé seo le cothú agus le fás na Gaeilge don chéad ghlúin eile.

Críoch

Key facts about the RNLI

The RNLI charity saves lives at sea. Its volunteers provide a 24-hour search and rescue service around the United Kingdom and Republic of Ireland coasts. The RNLI operates 238 lifeboat stations in the UK and Ireland and more than 240 lifeguard units on beaches around the UK and Channel Islands. The RNLI is independent of Coastguard and government and depends on voluntary donations and legacies to maintain its rescue service. Since the RNLI was founded in 1824, its lifeboat crews and lifeguards have saved over 146,000 lives.

Learn more about the RNLI

For more information please visit the RNLI website or Facebook, X, TikTok and YouTube. News releases, videos and photos are available on the News Centre.

Contacting the RNLI - public enquiries

Members of the public may contact the RNLI on 0300 300 9990 (UK) or 1800 991802 (Ireland) or by email.