Ceacht 1 − Is Agatsa atá an Rogha
Caitheann an ceacht seo súil ar ghníomh ardriosca a bhfuil móréileamh ag teacht air, guaisléimneach. Foghlaim faoi na rioscaí agus na hiarmhairtí a bhaineann le guaisléimneach, agus conas déileáil le cúinsí rioscúla agus le piarbhrú. Beidh gearrthán scannáin 1 agus 2, agus na hacmhainní seo a leanas ag teastáil uait:
Íoslódáil láithreoireacht 1
Ceacht 2 – Fan Slán
Foghlaim faoi na rioscaí agus na contúirtí a d’fhéadfadh a bheith ar an trá agus conas tú féin agus daoine eile a chabhrú le bheith slán. Faigh amach cé atá in ann cabhair a thabhairt le linn cúinse éigeandála. Pleanáil agus ullmhaigh le bheith slán cois trá agus cois dobharlach eile. Beidh gearrthán scannáin 3 (codanna 1 agus 2), agus na hacmhainní seo a leanas ag teastáil uait:
Íoslódáil láithreoireacht 2
Íoslódáil bileog gníomhaíochta A
Nasc chuig an léarscáil idirghníomhach
Ceacht 3 – Tá Cabhair le Fáil
Faigh amach faoi cad é an RNLI, an méid a dhéanann sé agus conas a bhraitheann sé ar oibrithe deonacha chun a 235 stáisiún báid tarrthála agus níos mó ná 330 bád tarrthála a reáchtáil. Foghlaim faoi na cáilíochtaí is gá chun bheith mar bhall criú de chuid bhád tarrthála an RNLI, agus déan machnamh ar cad is ball foirne maith. Beidh gearrthán scannáin 4, agus na hacmhainní seo a leanas ag teastáil uait:
Íoslódáil láithreoireacht 3
Íoslódáil bileog gníomhaíochta B
Ceacht 6 – Gníomhartha agus Iarmhairtí
Caitheann an ceacht seo súil ar conas a d’fhéadfadh ár gcinntí dul i bhfeidhm ar dhaoine eile. Breathnaigh ar fhíorchúinse agus pléigh na himpleachtaí a bhaineann le cinntí duine éigin ar raon daoine éagsúla. Beidh scannán 8, agus na hacmhainní seo a leanas ag teastáil uait:
Íoslódáil láithreoireacht 6
Íoslódáil bileog gníomhaíochta E
Ceacht-8 Foireann uirlisí idir comhghleacaithe
Tar éis duit plean ceachta nó níos mó ón acmhainn On Your Wavelength a chríochnú, bain úsáid as an fhoireann uirlisí seo chun tacaíocht a thabhairt dá chuid daltaí agus iad á mheasúnú a gcuid foghlama trí láithreoireacht a chruthú chun daoine eile a spreagadh le bheith bainteach go dearfach leis an RNLI agus a ghníomhaíochtaí.
Tá sé mar aidhm ag an bhfoireann uirlisí seo:
- cur leis an bhfoghlaim agus leis na teachtaireachtaí a clúdaíodh i bpleananna ceachta 1-7 de chuid acmhainn On Your Wavelength
- daltaí a spreagadh an fhaisnéis a d’fhoghlaim said faoin RNLI, faoi obair dheonach agus faoi shábháilteacht uisce a sheachadadh dá gcomhghleacaithe, dá dteaghlach agus do dhaoine eile
- deis a chur ar fáil do dhaltaí úsáid a bhaint as raon scileanna ina mbeidh said in ann feidhm a bhaint astu i leith ábhar eile agus laistigh de thimpeallacht na scoile.
D’fhéadfá úsáid a bhaint as na hacmhainní seo a leanas:
Íoslódáil teimpléad láithreoireachta dalta
Íoslódáil bileog gníomhaíochta F
Íoslódáil bileog gníomhaíochta H
Íoslódáil bileog eolais 2
Íoslódáil bileog eolais 3
